Gale, Martin | Bus Stop | 1981 | Ola ar Chanbhás | 96 x 143cm
Tá doiciméadú agus athshamhlú á dhéanamh ag ealaíontóirí ar an tírdhreach leis na céadta. Ní haon eisceacht iad na healaíontóirí comhaimseartha. Thall ar ár gcuntas Instagram táimid ag roinnt saothair ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ina bhfuil íomhánna den Saol Amuigh Faoin Spéir, ag meabhrú dúinn faoin tábhacht a bhaineann le taitneamh a bhaint as an dúlra i ngach gné de.
Anseo, insíonn Martin Gale, a bhfuil a shaothar ar taispeáint faoi théama ‘An Saol Amuigh Faoin Spéir’, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne a bhí le feiceáil agus cad is brí lena shaothar ealaíne a bheith mar chuid de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Breathnaigh air seo agus tuilleadh ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag https://www.instagram.com/artscouncilireland/
Rugadh agus tógadh mé faoin tuath agus bhíodh ról mór i mo shaol i gcónaí ag An Saol Amuigh Faoin Spéir. Mar sin, leanann sé go mbeadh an tírdhreach mar chuid shuntasach de mo chuid péinteála.
Chónaíomar in Iarthar Chill Mhantáin i rith fhormhór na 1970idí agus is le linn an ama seo a péinteáladh Bus Stop.
Cé go bhfuil an tírdhreach mar bhunús den chuid is mó de mo shaothar, ní hé an t-aon ábhar é riamh. Tá suim agam in ‘áiteanna’ agus gnó na maireachtála i ndáiríre in aon áit ar leith. An saol laethúil, conas a bhíonn daoine ag maireachtáil, ag úsáid, ag athrú, ag socrú, san áit ina bhfuil cónaí orthu.
Tá tábhacht ag baint le cothromaíocht idir ábhar agus próiseas. Tá an t-ábhar ríthábhachtach domsa — ba mhaith liom go mbeadh an pictiúr faoi rud éigin agus mar sin is gnách liom tús áite a thabhairt don ábhar roimh an bpróiseas
Timpeall an ama seo bhí gné den scéalaíocht a thosaigh ag obair isteach sna pictiúir — rud a d’fhan liom ó shin i leith.
Is sampla é Bus Stop. Ba chleachtas coitianta é inár sráidbhaile áitiúil agus timpeall air go mbeadh daoine ag rothaíocht go dtí stad an bhus ar an bpríomhbhóthar, an rothar a chur i bhfolach taobh thiar den díog agus an bus a fháil isteach sa chathair. Sonra simplí coitianta ach ba leor é chun pictiúr a thógáil timpeall air
Bhí sé tábhachtach domsa, agus tá sé fós, a bheith mar chuid de Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Nuair a bhíonn píosa ceannaithe ag an gComhairle ó ealaíontóir óg ag tús a ngairm bheatha, is dearbhú é agus cuireann sé le muinín an ealaíontóra agus na gceannaitheoirí/bailitheoirí araon. Ba rud ollmhór dom é nuair a cheannaigh an chomhairle Bus Stop in 1981, go gairid tar éis é a phéinteáil.
— Martin Gale
martingale.ie
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharc-ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,100 pictiúr, dealbh agus saothar eile ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic agus taitneamh a bhaint as an ealaín lena súile féin. Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com